Chonacsa an Grianghraf…

 

Maria Ní Mhurchú

 

Chonacsa an grianghraf

Agus tháinig tocht im’ chroí

Ní raibh an dochtúir

Ábalta ar an ngin bheag a thógaint

Ón mbroinn…

Mar chaillfí an leanbh.

 

D’oibrigh an dochtúir sa doircheacht

Ag cur poll san útaras

Ag socrú cnámh droma… spina bifida an linbh.

Míorúilt.

Lámha stiúrtha ag aingil

Ó Neamh anuas

 

Ach ní hé sin a d’fhág na deora

Ag sileadh liom

No, ach an phictiúirín –

Láimhín beag an linbh

A sháigh sé amach as an ndoircheacht

A bheir greim daingean ar mhéar

An mháinlia chruthaithigh

Ag gabháil buíochais leis.

2018

 

Leave a Reply

Fill in your details below or click an icon to log in:

WordPress.com Logo

You are commenting using your WordPress.com account. Log Out /  Change )

Twitter picture

You are commenting using your Twitter account. Log Out /  Change )

Facebook photo

You are commenting using your Facebook account. Log Out /  Change )

Connecting to %s