Maria Ní Mhurchú
Nach gránna an duine tú
A Mhaighdean Mhuire
Tugann tú cíoch dod’ Mhac sa mhainséar
Ach leagann tú bloc mór siomaint
In airde ar mo cheannín beag leochailleach-se.
Táim crosta leat
Ana-chrosta ar fad
Agus caithfad na paidreacha a thabhairt suas
Mar ná fuil aon mhaith iontu.
Nóimint I ndiaidh neomainte
Lá I ndiaidh lae
Cumadh Samhradh nú Geimhreadh
Ceo
Gal
Dubhachas
Duairceas
Is fuath liom tú, a Mháthair Dé
Mar ná dhéanfadh aon mháthair
Pioca daonna nú ainmhí
Má tá aon scriod den ghrá id’ chroí
Atá chomh cruaidh le cloch,
Fulaingt a chuir im’ threo…
Mé leochailleach go leor gan é…
Cosúil led’ Mhac sa mhainséar.
Mí I ndiaidh míosa
Bliain I ndiaidh blaina
Tánn tú le feiscint agam I scáth na nGealaí
Luna, Lunar, Lunatic
Ní gan fath a tugadh an t-ainm.