The cart is empty

Is breá liom do ghuth

Maria Ní Mhurchú

Don Athair Pádraig Ó Fiannachta
Led’ theangain líofa
Agus led’ intleacht ársa
Tógann tú an podium.
Tosnaíonn tú ag caint…
I nGréigis
I Laidin
I mBéarla
As Gaolainn.
Léimeann mo chroí le háthas
Nuair a labhrann tú.
Cím meangadh gáire
Ar an bhean
Atá in aice liom.
Tá’s aice sin
Is tása agamsa
Gur rógaire críochnaithe thú!!
Ach ní deirimid faic…
Lean ar aghaidh ag caint
Agus tabharfaidh tú
Muintir na Cruinne go léir le chéile
Mar i m’aigne-se
Gur b’shin é atá ar bun agat
Ón gcéad lá a deineadh
Sagart díot. 

Contact Maria

Email: marianimhurchu@gmail.com

Phone:+353 (0)868870478


Dingle, county Kerry, Eire